Bhain ranganna Ms Cullen agus Ms Forde sa chúigiú bliain an-taitneamh as turas go dtí an phictiúrlann an lá faoi dheireadh chun Róise & Frank a fheiceáil. Is scannán álainn é agus is fiú breathnú air. Tá sé ar fáil ar Sky & Prime Video. Bhí an turas mar chuid d’imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge.