Main menu:
AN GHAEILGE AGUS AN CULTÚR GAELACH
Táimid fíor-
Turas Gaeltachta Ardscoil San Lughaidh 2013 go hOileán Acla
Ar an 26ú Méan Fómhair 2013 chuaigh caoga trí dalta le ceathrar múinteoir, Ms. O’Connor, Ms. O'Sullivan, Ms. Healy agus Ms. Duggan ar thuras Gaeltachta chuig Coláiste Acla. Chuamar ann chun spórt agus spraoi a bheith againn trí mhéan na Gaeilge. D’fhágamar an scoil ar a hocht a chlog ar maidin le málaí móra bagáiste againn go léir! Bhí an turas fada ach ba chuma linn mar bhí sceitimíní orainn. Shroicheamar Coláiste Acla ag am lóin agus bhí béile blasta againn ansin. Bhí na mná tí go han-
Bhíomar gnóthach ó mhaidin go hoíche agus ghlacamar páirt in a lán gníomhachtaí a bhí eagraithe dúinn. Chuamar ag caghadóireacht, ag surfáil agus ag pleidhcíocht sa phortach. (Léim Ms. Duggan agus Ms.O’Connor isteach ar dtús!) Chuamar ar shiúlóid mhór agus bhí céilí den scoth againn i halla na scoile. Bhí Ms.O’Sullivan agus Ms.Healy go hiontach ar fad ag rince!
Bhíomar go léir tuirseach traochta caite amach ag filleadh abhaile ar an 28ú lá. Bhaineamar idir taitneamh agus tairbhe as ár dturas agus tá súil againn dul ar ais arís .
